Turas go dtí an Triail

Ar an 6 Samhain chuaigh daltaí na hArdteiste go dtí Amharclann Axis i mBaile Munna chun an dráma “An Triail” a fheiceáil. Is iad na daltaí atá ag gabháil don Ghaeilge Ardleibhéal amháin a dhéanann staidéar ar shaothar Mhairéad Uí Ghráda. Tá an dráma suite sna seascaidí agus baineann sé le cailín singil a éiríonn torrach le páiste fear pósta agus leis an himeachtaí uafásacha a leanann a cinneadh chun an páiste a choimeád. Is é Fíbín an compántas an léiríonn an seó agus baintear úsáid as puipéid, as maisc agus as frapaí eile chun dul i bhfeidhm ar an lucht féachana. Is é an rud is mó a ndeachaigh i bhfeidhm ar ár ndaltaí ná cé chomh bríomhar is a bhí an dráma. Níl aon dabht faoi ach go gcuireann an seó beo go mór le tuiscint na ndaltaí ar an dráma agus leis an téama conspóideach atá ann.

On the 6th November the Higher Level Irish students made the trip to the Axis theatre in Ballymun to see a live production of their prescribed play “An Triail” by Mairéad Ní Ghráda. The play which is set in the 1960’s tells the story of a young single woman who becomes pregnant by a married man and the terrible consequences that follower her decision to try and keep her baby. Fibín is the company which produces this version of the play and the performance is enhanced by their use of puppets and masks as well as other props. Our students were mostly impressed with the sheer vitality of the production which goes to prove that it is always well worth seeing the live performance to give students the chance to fully grasp the controversial nature of the play.

20181110_190125

Aisling, Mark, David, John agus Alicia ag Amharclann Axis, Baile Munna

 

Share this: